Oideas: Donnóg Sheacláide Chnó Peacáin Veigeánach - Sysco
  • About
    • About
    • Executive Team
    • Our CSR Commitment
    • Our Purpose
  • Products
  • Customers
  • Careers
  • Resource Hub
  • Food Safety
  • News
  • Contact
  • At the Pass
  • Supporting Local
Become A Customer
ONLINE ORDERING
  • About
    • About
    • Our Executive Team
    • Our Purpose
  • Products
  • Customers
  • Careers
    • Join the Team: Sysco Belfast Careers
    • Graduate Programme
  • Crop Report
Become A Customer
ONLINE ORDERING

Home > Blog > Oideas: Donnóg Sheacláide Chnó Peacáin Veigeánach

Categories
  • Blog
  • Sustainability People
  • Sustainability Planet
  • Sustainability Products
  • Sysco News
Latest Posts
  • Love Local with Sysco
  • Winning the War on Waste
  • First FoodCloud Volunteers Get Busy
  • International Women’s Day: 1 Word
Archives
  • 2024
  • 2023
  • 2022
  • 2021
  • 2020
  • 2019
Become A Customer
Become A Supplier
Filter
    • Categories
    • News
    • Latest Posts
    • Love Local with Sysco
    • Winning the War on Waste
    • First FoodCloud Volunteers Get Busy
    • International Women’s Day: 1 Word
    • Archives
    • 2024
    • 2023
    • 2022
    • 2021
    • 2020
    • 2019

Oideas: Donnóg Sheacláide Chnó Peacáin Veigeánach

March 5, 2020
POSTED IN Blog

To celebrate Seachtain na Gaeilge, we’ve brought one of our favourite vegan creations to life as Gaeilge. If you’d like to see the recipe in English, click here.

“Toisc go bhfuil an oiread sin de thóir ar an veigeánachas anois, tá sé an-tábhachtach go mbeadh rogha bhlasta veigeánach ag óstáin, bialanna agus caiféanna ar a mbiachlár milseog” – Matthew Matthews, Saineolaí Báicéireachta agus Cístí ag Sysco.

Bíonn sé deacair uaireanta milseáin, cácaí agus taosráin nach mbraitheann ar tháirgí déiríochta a chur ar fáil, fiú ag na báicéirí is fearr. Ach seo duit anois donnóg sheacláide chnó peacáin veigeánach, le mús seacláide veigeánach agus atá go hálainn le huachtar reoite fraochán gan déirí!

Úsáidtear réimse leathan táirgí veigeánacha sa mhias seo, ó mhargairín glasraí agus cnónna peacáin go bainne coirce agus fiú tófú – léiríonn sé go snasta a bhfuil báicéireacht chliste veigeánach in ann a bhaint amach, agus is cinnte go dtaitneoidh gach uile ghreim le do chuid custaiméirí.

Comhábhair don Donnóg Sheacláide Dorcha 70%

  • 450 g seacláid dhorcha 70% (ct967)
  • 140 g sú sicphiseánaigh (pu347)
  • 400 g siúcra mín (Sg179)
  • 230 g margairín glasraí (z529004)
  • 4 spúnóg bhoird úsc fanaile (t962)
  • 190 g Miller’s Best Self-Raising Flour (490050)
  • 60 g púdar cócó (R92)
  • 2 thaespúnóg púdar bácála (35023)
  • 50 g cnónna peacáin (Nu107)
  • Uachtar reoite fraochán veigeánach gan déirí (491447)
  • Siúcra bailchríche (T197)

 Comhábhair don Mhús Seacláide Veigeánach

  • 600 g Blue Dragon Firm Silken Tofu (127135)
  • 200 g seacláid dhorcha 70% (ct967)
  • 40 g síoróip mhailpe
  • 60 g Alpro Oat Milk (dy519)

 Comhábhair don Mhaisiúchán Cré Seacláide

  • 150 ml uisce
  • 300 g siúcra (sg179)
  • 200 g seacláid dhorcha 70%( Ct967)

 Treoracha don Donnóg Sheacláide Dorcha 70%

  1. Leáigh an tseacláid i mbabhla.
  2. Buail an sú sicphiseánaigh le 200 g siúcra i meascthóir go dtí go bhfuil sé teann agus cúrach.
  3. Buail an t-im agus siúcra le chéile go dtí go bhfuil siad mín, cuir an fanaile leo.
  4. Cuir an cúr sicphiseánaigh bolgach teann agus an tseacláid leáite fhuaraithe leo, agus measc gach rud go maith.
  5. Criathraigh an plúr, an púdar bácála agus an púdar cócó le chéile.
  6. Fill na comhábhair thirime sin leis an meascán fliuch. Bí cinnte nach meascann tú an iomarca iad.
  7. Doirt an meascán isteach i múnla nó tráidire bácála smeartha, agus úsáid spadal chun an barr a dhéanamh mín.
  8. Bácáil ar feadh thart ar 25 nóiméad ag 160°C.
  9. Lig dó fuarú i ndiaidh na bácála sula ngearrtar na méideanna a theastaíonn.

Treoracha don Mhús Seacláide Veigeánach

  1. Leáigh an tseacláid i mias micreathonnáin.
  2. Measc an tófú agus an tsíoróip mhailpe le cumascóir maide.
  3. Cuir an tseacláid leáite leis agus cumaisc go mbeidh sé mín.
  4. Aistrigh an meascán go babhla agus cuir sa chuisneoir é ar feadh uaire nó mar sin chun stalcadh.

Treoracha don Mhaisiúchán Cré Seacláide

  1. Téigh an siúcra agus an t-uisce go 160°C ar theirmiméadar siúcra – bain ón teas.
  2. Cuir na sceallaí seacláide isteach go mall agus lean ort á mheascadh chun saghas cré a chruthú.
  3. Scaip amach ar phárpháipéar agus lig dó fuarú go hiomlán.

An Cur le chéile agus Plátáil

  1. Gearr an donnóg ar an méid a theastaíonn.
  2. Úsáid mála agus soc reoáin chun an mús a chur ar bharr na donnóige.
  3. Úsáid cuiríní dearga mar mhaisiúchán.
  4. Croith an siúcra bailchríche anuas air.
  5. Cuir píosa seacláide ar phláta agus leag an donnóg anuas air.
  6. Cuir uachtar reoite fraochán veigeánach gan déirí ar bharr na cré seacláide.

Tá níos mó oideas ónár bhfoireann saineolaithe ar fáil anseo.

Share this article
Twitter Facebook LinkedIn

Post navigation

Previous
Next
Become A Customer
Become A Supplier

    More Information

  • About
  • Products
  • Suppliers
  • Customers
  • Careers
  • Resource Hub
  • Gender Pay Gap Report

    Resource Hub

  • Takeaway
  • Flipdish
  • Pop Up Shop
  • STOCKED
  • Online Ordering

    Suppliers

  • Become a Supplier

    Customers

  • Cafés
  • Bars & Pubs
  • Restaurants
  • Hotels
  • Retail

    Resources

  • Careers
  • Food Safety
  • Blog
  • Contact
  • Supporting Local

Copyright 2025 © Sysco Foods Ireland UC.

  • Contact
  • Terms
  • Privacy
  • Cookie List
  • Made by Friday

Sysco Ireland T. +353 (0) 69 20200

Sysco Northern Ireland T. +44 345 997 1111